BUANSEASMHACHT SA CHÚNANT (#13802)

Daingnigh dúinn ár gcoiscéim, a Thiarna, i do chosán agus neartaighse ár gcroíthe inár n-umhlaíocht duit. Tabhair orainn ár n-aghaidheanna a chasadh i leith áilleacht d’aontachta agus cuir aoibhneas ár n-anama istigh orainn le comharthaí d’aonarachta. Déan ár gcoirp a mhaisiú le fallaing d’fhéile, bain dár gcuid súl fial na peacúlachta agus tabhair dúinn cailís do ghrásta le go gcanfaidh an uile chréatúr óna gcroí istigh ag déanamh athmholadh ort i bhfianaise do mhórgachta. Déan thú fein a nochtadh dúinn, mar sin, a Thiarna, trí d’urlabhra thrócaireach agus trí rúndiamhair bunbhrí dhiaga do bheatha le go líonfaidh eacstais bheannaithe na hurnaí ár n-anamacha – an urnaí úd a ardóidh os cionn briathra agus litreacha agus a dhéanfaidh foghair agus fuaimeanna a shárú – agus le go rachaidh an uile ní chun a chéile ar neamhní glan os comhair thaispeánadh do niamhrachtasa. 
A Thiarna! Is iad seo do chuid seirbhíseach a chloígh go daingean, diongbháilte le do Chúnant agus le do Thiomna, a choinnigh greim docht ar théad na dílseachta i do Chúis agus a ghreamaigh d’fháithim fhallaing do mhórgachta. Cuidigh leo, a Thiarna, le do ghrásta, daingnigh le do chumhacht iad agus neartaigh ina n-anam istigh iad faoi umhlaíocht duitse. Is tusa an Maiteach, an Ceansa.

-`Abdu'l-Bahá
-----------------------

BUANSEASMHACHT SA CHÚNANT (#13803)

A Dhia, mo Thiarna agus mo dhóchas! cuidigh le lucht d’ansachta a bheith buanseasmhach i do 
Chúnant ollmhór, leanúint dílis i do Chúis fhollasach agus d’aitheanta a leag tú síos dóibh i Leabhar na Niamhrachta a chur i gcrích le go ndéanfar díobh meirgí na dea-chomhairle, lóchrainn de chuid an tSlua bheannaithe, foinsí do chríonnachta síoraí, agus réalta a threoraíonn i gceart agus iad ag soilsiú ón spéir neamhaí lastuas. Go deimhin, is tusa an Do-Chloíte, an tUile-Neartmhar, an tUile-Chumhachtach.

-`Abdu'l-Bahá
-----------------------

